Dé Domhnaigh 1 Eanáir 2012

COGAR MOGAR: Cailíní ar Facebook ag úsáid an iomarca litreachaaaaaaaaaaaa!!

Tá an baol ann go bhfuil Facebook, an gréasán sóisialta is mó ar domhan, chun rith as litreacha. Dar le ráiteas a d'eisigh an comhlacht, is éard is cúis leis seo ná cailíní a úsáideann i bhfad an iomarca litreacha nuair nach bhfuil gá leo.

Deir an ráiteas go ndearna an comhlacht anailís idirnáisiúnta chun fáil amach cén fáth go bhfuil líon na litreacha i stóras an chomhlachta ag laghdú chomh tapaidh sin. Léirigh an anailís seo go raibh ardú as cuimse i líon na ngutaí a bhí á n-úsáid agus gur úsáideoirí baineanna san aois-aicme 18-23 as deisceart Bhaile Átha Cliath is mó atá ciontach as litreacha a ídiú.

Rinne COGAR MOGAR! a chuid taighde féin agus fuarthas fianaise den chleachtas seo.
Grawnya Murphy "Like OMD-sies is breá liom do ghúnaaaaaaaaaaaa"
Eeefa McGuire >3 >3 "baaaaaaaaaaaaaaabess xxx"
Loserfhíona Nic an Sap "a Stóóirínín níor chonaic mé tú le faaaaaaaaaada. DVB go luath?xx" [sic]

D'iarr Facebook ar chailíní dheisceart Bhaile Átha Cliath bheith cúramach faoin méid litreacha a úsáideann siad agus cuimhneamh gur linn ar fad an gréasán agus gur chóir na litreacha a roinnt go cothrom idir úsáideoirí uile an domhain.

Agus le húsáid litreacha na bhfear a léiriú seo thíos cuid eile dár gcuid taighde;


Bradán Mac an Bhaird "An bhfaca tú an físeán seo? Tá sé greannmhar agus taitníonn sé liom." Freidí de Frog "Tharla rud greannmhar dom inniu. Bhí mé ag gáire ós ard nuair a tharla sé agus beagáinín fós."
Tomás Mac Giolla Traenach "Léigh mé leabhar iontach aréir a thug léirgeas an-suimiúil dom ar neamhspleáchas na hEilbhéise i rith an Dara Cogadh Domhnda" 



Ábhairín níos leadránaí cinnte, ach an-mhaith ó thaobh caomhnú na litreacha. Tagann COGAR MOGAR! leis an méid a dúirt Facebook. Caomhnaigh ár litreacha a chailínííííííííííííííííííííííí!xx 

1 comment: