Dé hAoine 19 Aibreán 2013

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas


Fuaireas leagan Mainninise de Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas do mo bhreithlá tá tamall ó shin. Bhí an leagan Gaeilge ag máistir úd na n-aistriuchán Nicholas Williams léite cheana agam.

Luaigh Dennis King ó Nótaí Imill http://nimill.blogspot.ie/gur chóir dom an dá leagan a chur i gcomparáid lena chéile, rud níos fearr déanta anseo agam, an Ghaidhlig curtha lena gcois agam. Seo hiad mar sin.
------

An bealach sin,” a dúirt an Cat agus é ag bagairt a lapa dheis, “tá cónaí ar Haitéir: agus an bealach sin,” agus é ag bagairt an lapa eile, “tá cónaí ar Ghiorria Márta. Tabhair cuairt ar cibé duine acu is mian leat: tá siad as a meabhair beirt.”
“Ach nílim ag iarraidh dul i measc daoine atá as a meabhair,” a dúirt Eilís.
“Níl leigheas agat air sin, arú,” a dúirt an Cat.“Táimid go léir as ár meabhair anseo. Tá mise as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”
“Conas atá a fhios agat go bhfuil mise as mo mheabhair?” a d’fhiafraigh Eilís.
“Caithfidh go bhfuil tú as do mheabhair,” a dúirt an Cat,“nó ní thiocfá anseo sa chéad áit.”
 
Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas
Nicholas Williams, Gaeilge
-----------------

“Syn ard shen,” dooyrt y Kayt, as eh craa e vaaig yesh mygeayrt, “ta Eddeyder cummal: as syn ard shen,” as eh craa y vaaig elley, “ta Mwaagh Vart cummal. Cur shilley er y jees oc my t’ou laccal: ta’n jees oc keoi.”
“Agh cha nel mee laccal ve mastey sleih keoi,”dimraa Ealish.
“Ogh, cha nel niart ayd er shen,”dooyrt y Kayt: “ta shin ooilley keoi ayns shoh. Ta mish keoi. T’ou uss keoi.”
“Kevys diu dy vel mish keoi?”dooyrt Ealish.
“Shegin dhyt ve keoi,” dooyrt y Kayt, “er nonney cha beagh oo er jeet dys shoh.”

Contoyrtyssyn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn
Brian Stowell
Gaelg - Mainninis
-----------------
 
“An rathad sin,” ars an Cat, a’ smèideadh a spòige deise mun cuairt, “tha Adair a’ fuireach: agus an rathad ud,” a’ smèideadh a spòige eile,“tha Geàrr a’ Mhàirt a’ fuireach. Tadhail air fear seach fear dhiubh mar a thogras tu: tha an dithis aca às an ciall.”
“Ach chan eil mi airson a bhith am measg dhaoine a tha às an ciall,” thuirt Ealasaid.
“O, chan eil atharrach ann,” ars an Cat: “tha sinn uile às ar ciall an seo. Tha mise às mo chiall. Tha thusa às do chiall.”
“Ciamar a tha fhios agad gu bheil mise às mo chiall?” arsa Ealasaid.
“Feumaidh gu bheil,”ars an Cat, “air neo cha bhiodh tu air tighinn an seo.”
Eachdraidh Ealasaid ann an Tìr nan Iongantas
Moray Watson, Gaidhlig
-----------------

Tá na leabhair ar fad ar fáil ar shuíomh evertype anseo http://www.evertype.com/irish.html

Dé Luain 1 Aibreán 2013

Deireadh Oifigiúil leis an Tuiseal Ginideach Beartaithe roimh 2016


Ag éirí as an bpróiseas comhairliúcháin a cuireadh ar bun don Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge tuigtear do COGAR! go bhfuil beartaithe ag An Lár-Aonad Aistriúcháin, atá mar chuid de An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, deireadh a chur le bailíocht an tuisil ghinidigh sa Chaighdeán Oifigiúil faoin mbliain 2016.

Is i gcéimeanna a tharlóidh sé. Táthar ag dúil go mbeidh an ginideach ag imeacht as an gcaint faoi 2016 agus go mbeidh faoi 2020 an chuid is mó de imithe ón scríobh. Glacfar leis sa scríobh go dtí 2016 ach táthar ag ceapadh go mbeidh sé mícheart ó thaobh an chaighdeáin ina dhiaidh sin. Glacann An Lár-Aonad Aistriúcháin leis go mbeidh deacrachtaí áirithe ann le samplaí seanbhunaithe, dar le Ruarc Mac Thomáis, Stiúrthóir Seirbhísí Aistriúcháin leis an An Lár-Aonad a labhair linn ar maidin; ‘Is é ár dtuairim go mbeidh roinnt samplaí den rud ar a dtugtar ginidigh steiréitíopacha  nó iontaisithe ann, leithéidí ‘hata an fhir’ agus ‘Cumann na mBan’ ach tríd is tríd is próiseas gan mórán dua a bheidh ann.’

Tá grúpaí oideachasóirí, feachtasaithe teanga agus gnáthbhaill an phobail fud fad na tíre scartha ina dhá ghrúpa ó fógraíodh an chéim seo a tuaradh le fada. Dar le Domhnall Ó hÉalaí, feachtasóir teanga, ‘go mbreathnófar air seo mar an lá gur maraíodh an teanga i gceart. Táthar ag rá gur seo an todhchaí, gur seo simplíocht, ach i bhfírinne níl ann ach an teanga a chrochadh, is a cuid putóg a scaoileadh. Níl aon mhuinín agam as an ngrúpa seo agus iarraim ar gach éinne gur cás leo an Ghaeilge cur ina choinne seo go tréan.’

Feictear an dul chun cinn seo mar bhuille don lucht traidisiúnta ar theastaigh uathu dúchas na teanga a chosaint. Tá tacaíocht ann don chinneadh sa dá pháirtí sa rialtas áfach agus ceaptar go mbeidh sé rídheacair é a aisghairm. Dar le hEnda Kenny gur fiúntach an gníomh atá ann agus gur fiú go mór tacú leis, dearcadh a dtacaíonn Páirtí an Lucht Oibre leis, tuigtear dúinn.

Dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge, Síle Nic an Fhailigh-Uí Mhurchú, go raibh sí ‘fíorshásta leis an dul chun cinn seo. Éascóidh seo an bealach dúinn bheith ag díriú ar an teanga a chur chun cinn seachas a bheith ag troid amach san oíche faoi mhionphointí amaideacha nach dtuigeann puinn. Ar ndóigh níor mhaith linn dul ó dhúchas na teanga ach dar linne céim mhór chun tosaigh atá ann. Beidh deacrachtaí ann ar ndóigh, fiú ó thaobh ainm na heagraíochta seo, nó ar chóir dom ‘an eagraíocht seo’ a rá, an ‘Conradh an Gaeilge’ a bheidh air? Is dócha é, ach nílimid cinnte fós’

Cháin Misneach, grúpa nuabhunaithe Gaeilge an cinneadh seo go mór ag rá;
‘Easaontaíonn lucht Misneach agus lucht an mhisnigh mhóir leis an gcinneadh caipitlíoch seo. Níl aon rud níos binne ná bheith ag úsáid an ghinidigh. Anuas air sin is olc linn a aithint nach bhfuil aon rud faoin lucht oibre nó faoin sóisialachas luaite sa phreasráiteas atá feicthe againn. Seo córas an chaipitleachais á chosaint féin agus ag déanamh tuilleadh rachmais dó féin.

Éiríonn an cinneadh seo as an tríú tréimhse comhairliúcháin den athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil. Is féidir na moltaí faoin ainmfhocal agus an tuiseal ginideach, agus faoin ainmfhocal agus ceisteanna ilchineálacha, a fháil ag an nasc seo a leanas: http://www.ahg.gov.ie/ie/

Tuigtear go mb’fhéidir go mbeidh tuilleadh conspóide nuair a scaoilfear pleananna eile an Choiste; ina measc cúngú na n-aimsirí, fáil réidh le huimhreacha agus litriú caighdeánach. Tá tréimhse chomhairliúcháin ar na moltaí seo oscailte go dtí an Aoine, 27 Lúnasa 2013. Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar rphost chuig tuisealginideach@pobail.ie nó cóip chrua a sheoladh chuig an seoladh seo:

Deireadh Oifigiúil leis an Tuiseal Ginideach,
 Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge
An Lár-Aonad Aistriúcháin
An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta,
Dún Aimhirgin
43 / 49 Br Mespil
BÁC 4

Dé Domhnaigh 8 Aibreán 2012

COGAR! 3 Amuigh!


Tá an tríú eagrán de COGAR! iris stílbheatha agus comhrá comhaimseartha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath amuigh anois. Beidh leagan clóite á scaipeadh saor in aisce ar COBÁC/UCD an tseachtain seo amach romhainn. Buíochas mór lenár lucht tacaíochta agus léite. Togra de chuid an Chumainn Liteartha agus an Chumainn Ghaelaigh é COGAR!

Le mór-mheas,

Eagarthóirí COGAR!

Cathal Mac Dhaibhéid agus
Eoghan Ó Murchadha





Dé Domhnaigh 1 Eanáir 2012

COGAR MOGAR: Cailíní ar Facebook ag úsáid an iomarca litreachaaaaaaaaaaaa!!

Tá an baol ann go bhfuil Facebook, an gréasán sóisialta is mó ar domhan, chun rith as litreacha. Dar le ráiteas a d'eisigh an comhlacht, is éard is cúis leis seo ná cailíní a úsáideann i bhfad an iomarca litreacha nuair nach bhfuil gá leo.

Deir an ráiteas go ndearna an comhlacht anailís idirnáisiúnta chun fáil amach cén fáth go bhfuil líon na litreacha i stóras an chomhlachta ag laghdú chomh tapaidh sin. Léirigh an anailís seo go raibh ardú as cuimse i líon na ngutaí a bhí á n-úsáid agus gur úsáideoirí baineanna san aois-aicme 18-23 as deisceart Bhaile Átha Cliath is mó atá ciontach as litreacha a ídiú.

Rinne COGAR MOGAR! a chuid taighde féin agus fuarthas fianaise den chleachtas seo.
Grawnya Murphy "Like OMD-sies is breá liom do ghúnaaaaaaaaaaaa"
Eeefa McGuire >3 >3 "baaaaaaaaaaaaaaabess xxx"
Loserfhíona Nic an Sap "a Stóóirínín níor chonaic mé tú le faaaaaaaaaada. DVB go luath?xx" [sic]

D'iarr Facebook ar chailíní dheisceart Bhaile Átha Cliath bheith cúramach faoin méid litreacha a úsáideann siad agus cuimhneamh gur linn ar fad an gréasán agus gur chóir na litreacha a roinnt go cothrom idir úsáideoirí uile an domhain.

Agus le húsáid litreacha na bhfear a léiriú seo thíos cuid eile dár gcuid taighde;


Bradán Mac an Bhaird "An bhfaca tú an físeán seo? Tá sé greannmhar agus taitníonn sé liom." Freidí de Frog "Tharla rud greannmhar dom inniu. Bhí mé ag gáire ós ard nuair a tharla sé agus beagáinín fós."
Tomás Mac Giolla Traenach "Léigh mé leabhar iontach aréir a thug léirgeas an-suimiúil dom ar neamhspleáchas na hEilbhéise i rith an Dara Cogadh Domhnda" 



Ábhairín níos leadránaí cinnte, ach an-mhaith ó thaobh caomhnú na litreacha. Tagann COGAR MOGAR! leis an méid a dúirt Facebook. Caomhnaigh ár litreacha a chailínííííííííííííííííííííííí!xx 

Dé hAoine 30 Nollaig 2011

Stair Rúnda COBÁC

Tá blag iontach anseo faoi stair rúnda COBÁC, cúpla tagairt don chumann Gaelach is Liteartha thíos istigh ann measaim.

http://ucdhiddenhistory.wordpress.com/