Dé Luain 1 Aibreán 2013

Deireadh Oifigiúil leis an Tuiseal Ginideach Beartaithe roimh 2016


Ag éirí as an bpróiseas comhairliúcháin a cuireadh ar bun don Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge tuigtear do COGAR! go bhfuil beartaithe ag An Lár-Aonad Aistriúcháin, atá mar chuid de An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, deireadh a chur le bailíocht an tuisil ghinidigh sa Chaighdeán Oifigiúil faoin mbliain 2016.

Is i gcéimeanna a tharlóidh sé. Táthar ag dúil go mbeidh an ginideach ag imeacht as an gcaint faoi 2016 agus go mbeidh faoi 2020 an chuid is mó de imithe ón scríobh. Glacfar leis sa scríobh go dtí 2016 ach táthar ag ceapadh go mbeidh sé mícheart ó thaobh an chaighdeáin ina dhiaidh sin. Glacann An Lár-Aonad Aistriúcháin leis go mbeidh deacrachtaí áirithe ann le samplaí seanbhunaithe, dar le Ruarc Mac Thomáis, Stiúrthóir Seirbhísí Aistriúcháin leis an An Lár-Aonad a labhair linn ar maidin; ‘Is é ár dtuairim go mbeidh roinnt samplaí den rud ar a dtugtar ginidigh steiréitíopacha  nó iontaisithe ann, leithéidí ‘hata an fhir’ agus ‘Cumann na mBan’ ach tríd is tríd is próiseas gan mórán dua a bheidh ann.’

Tá grúpaí oideachasóirí, feachtasaithe teanga agus gnáthbhaill an phobail fud fad na tíre scartha ina dhá ghrúpa ó fógraíodh an chéim seo a tuaradh le fada. Dar le Domhnall Ó hÉalaí, feachtasóir teanga, ‘go mbreathnófar air seo mar an lá gur maraíodh an teanga i gceart. Táthar ag rá gur seo an todhchaí, gur seo simplíocht, ach i bhfírinne níl ann ach an teanga a chrochadh, is a cuid putóg a scaoileadh. Níl aon mhuinín agam as an ngrúpa seo agus iarraim ar gach éinne gur cás leo an Ghaeilge cur ina choinne seo go tréan.’

Feictear an dul chun cinn seo mar bhuille don lucht traidisiúnta ar theastaigh uathu dúchas na teanga a chosaint. Tá tacaíocht ann don chinneadh sa dá pháirtí sa rialtas áfach agus ceaptar go mbeidh sé rídheacair é a aisghairm. Dar le hEnda Kenny gur fiúntach an gníomh atá ann agus gur fiú go mór tacú leis, dearcadh a dtacaíonn Páirtí an Lucht Oibre leis, tuigtear dúinn.

Dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge, Síle Nic an Fhailigh-Uí Mhurchú, go raibh sí ‘fíorshásta leis an dul chun cinn seo. Éascóidh seo an bealach dúinn bheith ag díriú ar an teanga a chur chun cinn seachas a bheith ag troid amach san oíche faoi mhionphointí amaideacha nach dtuigeann puinn. Ar ndóigh níor mhaith linn dul ó dhúchas na teanga ach dar linne céim mhór chun tosaigh atá ann. Beidh deacrachtaí ann ar ndóigh, fiú ó thaobh ainm na heagraíochta seo, nó ar chóir dom ‘an eagraíocht seo’ a rá, an ‘Conradh an Gaeilge’ a bheidh air? Is dócha é, ach nílimid cinnte fós’

Cháin Misneach, grúpa nuabhunaithe Gaeilge an cinneadh seo go mór ag rá;
‘Easaontaíonn lucht Misneach agus lucht an mhisnigh mhóir leis an gcinneadh caipitlíoch seo. Níl aon rud níos binne ná bheith ag úsáid an ghinidigh. Anuas air sin is olc linn a aithint nach bhfuil aon rud faoin lucht oibre nó faoin sóisialachas luaite sa phreasráiteas atá feicthe againn. Seo córas an chaipitleachais á chosaint féin agus ag déanamh tuilleadh rachmais dó féin.

Éiríonn an cinneadh seo as an tríú tréimhse comhairliúcháin den athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil. Is féidir na moltaí faoin ainmfhocal agus an tuiseal ginideach, agus faoin ainmfhocal agus ceisteanna ilchineálacha, a fháil ag an nasc seo a leanas: http://www.ahg.gov.ie/ie/

Tuigtear go mb’fhéidir go mbeidh tuilleadh conspóide nuair a scaoilfear pleananna eile an Choiste; ina measc cúngú na n-aimsirí, fáil réidh le huimhreacha agus litriú caighdeánach. Tá tréimhse chomhairliúcháin ar na moltaí seo oscailte go dtí an Aoine, 27 Lúnasa 2013. Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar rphost chuig tuisealginideach@pobail.ie nó cóip chrua a sheoladh chuig an seoladh seo:

Deireadh Oifigiúil leis an Tuiseal Ginideach,
 Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge
An Lár-Aonad Aistriúcháin
An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta,
Dún Aimhirgin
43 / 49 Br Mespil
BÁC 4

1 comment:

  1. Ha, ha! 1 Aibreán. Bhí an bob buailte orm nó gur shroich mé an frása "Conradh an Gaeilge".

    ReplyDelete