Dé hAoine 19 Aibreán 2013

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas


Fuaireas leagan Mainninise de Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas do mo bhreithlá tá tamall ó shin. Bhí an leagan Gaeilge ag máistir úd na n-aistriuchán Nicholas Williams léite cheana agam.

Luaigh Dennis King ó Nótaí Imill http://nimill.blogspot.ie/gur chóir dom an dá leagan a chur i gcomparáid lena chéile, rud níos fearr déanta anseo agam, an Ghaidhlig curtha lena gcois agam. Seo hiad mar sin.
------

An bealach sin,” a dúirt an Cat agus é ag bagairt a lapa dheis, “tá cónaí ar Haitéir: agus an bealach sin,” agus é ag bagairt an lapa eile, “tá cónaí ar Ghiorria Márta. Tabhair cuairt ar cibé duine acu is mian leat: tá siad as a meabhair beirt.”
“Ach nílim ag iarraidh dul i measc daoine atá as a meabhair,” a dúirt Eilís.
“Níl leigheas agat air sin, arú,” a dúirt an Cat.“Táimid go léir as ár meabhair anseo. Tá mise as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”
“Conas atá a fhios agat go bhfuil mise as mo mheabhair?” a d’fhiafraigh Eilís.
“Caithfidh go bhfuil tú as do mheabhair,” a dúirt an Cat,“nó ní thiocfá anseo sa chéad áit.”
 
Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas
Nicholas Williams, Gaeilge
-----------------

“Syn ard shen,” dooyrt y Kayt, as eh craa e vaaig yesh mygeayrt, “ta Eddeyder cummal: as syn ard shen,” as eh craa y vaaig elley, “ta Mwaagh Vart cummal. Cur shilley er y jees oc my t’ou laccal: ta’n jees oc keoi.”
“Agh cha nel mee laccal ve mastey sleih keoi,”dimraa Ealish.
“Ogh, cha nel niart ayd er shen,”dooyrt y Kayt: “ta shin ooilley keoi ayns shoh. Ta mish keoi. T’ou uss keoi.”
“Kevys diu dy vel mish keoi?”dooyrt Ealish.
“Shegin dhyt ve keoi,” dooyrt y Kayt, “er nonney cha beagh oo er jeet dys shoh.”

Contoyrtyssyn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn
Brian Stowell
Gaelg - Mainninis
-----------------
 
“An rathad sin,” ars an Cat, a’ smèideadh a spòige deise mun cuairt, “tha Adair a’ fuireach: agus an rathad ud,” a’ smèideadh a spòige eile,“tha Geàrr a’ Mhàirt a’ fuireach. Tadhail air fear seach fear dhiubh mar a thogras tu: tha an dithis aca às an ciall.”
“Ach chan eil mi airson a bhith am measg dhaoine a tha às an ciall,” thuirt Ealasaid.
“O, chan eil atharrach ann,” ars an Cat: “tha sinn uile às ar ciall an seo. Tha mise às mo chiall. Tha thusa às do chiall.”
“Ciamar a tha fhios agad gu bheil mise às mo chiall?” arsa Ealasaid.
“Feumaidh gu bheil,”ars an Cat, “air neo cha bhiodh tu air tighinn an seo.”
Eachdraidh Ealasaid ann an Tìr nan Iongantas
Moray Watson, Gaidhlig
-----------------

Tá na leabhair ar fad ar fáil ar shuíomh evertype anseo http://www.evertype.com/irish.html

1 comment:

  1. agus ar cuireadh aon iontas ort, i ndeireadh na dala? is leabhar é sin nach raibh spéis agam ann i mo pháiste domh. Rinneadh é fiche uair níos tarrantaí domh nuair a fuair mé amach go raibh ionchur drugaí mar chuid den chúlra, i mo dhéagóir. Ach faraor, léigh mé an leabhar athuair agus ba spéisiúl an scéal taobh thiar den scéal ná an scéal féin go fóill.

    ReplyDelete